a
(Det Poss 3P Sg Masc)

Bhí orainn cóir a chosaint agus éagóir a chosc do ríthe agus do thiarnaí na hÉireann. 🔊

Ar a shon sin ba linn féin seilg na tíre, an fheoil a bheith mar bhia againn agus na craicne mar thuarastal. 🔊

"Chruinníodh na laochra ar an tulach agus níodh gach uile fhear acu a cheann agus a chorp sa dara clais go mbaineadh an t-allas de. 🔊

Chuireadh caonach os a chionn sin le bheith bog faoi agus luachair úr in uachtar le bheith mín in aice a choirp. 🔊

Deich gcoinníoll eile a chuir Fionn ar gach ábhar Féinne: Slánadh a fháil óna athair agus óna mháthair, óna ghaolta agus óna chine nach n-agróidís a bhás go brách ar aon duine marófaí é a fhad a bheadh sna Fianna. 🔊

Sciath agus bata coill a thabhairt leis agus seasamh i log talaimh go gcaithfeadh naonúr laoch a sleátha naoi n-uaire leis in éineacht, agus loitfeadh urchar sleá é thar a sciath agus a bhata coill, raibh glacadh sna Fianna leis. 🔊

A fholt a réiteach sa choill agus gan ach aon chrann amháin a ligean idir é féin agus laochra a thóra. 🔊

Go mbainfeadh dealg as a chos gan toirmeasc reatha. 🔊

Frequency index

Alphabetical index